Sliocht as Gníomhartha na nAspal
De shliocht Dháiví thóg Dia suas slánaitheoir d’Isráél, Íosa (13:13-25)
(From David’s descendants God raised up Isreal’s Saviour, Jesus.)
Nuair a sheol Pól, agus an méid a bhí ina chuideachta, ó Pafós, tháinig siad go Peirge na Paimfilia. Ach d’fhág Eoin iad, agus d’fhill sé go larúsailéim. Ach ar dhul trí Peirge dóibhsean, tháinig siad go dtí Aintíoc na Pisidia; agus ar dhul isteach sa tsionagóg dóibh ar an tsabóid, shuigh siad síos. Agus I ndiaidh léamh an dlí agus na bhfáithe, chuir uachtarán na sionagóige scéala chucu, ag rá: `A fheara, agus a bhráithre, má tá focal ar bith teagaisc agaibh don phobal, labhraígí.’Ach d’éirigh Pól, thug comhartha dóibh lena láimh a bheith ina dtost, agus dúirt: `A fheara Isráél, agus sibhse a bhfuil eagla Dé ionaibh, éistigí. Rinne Dia mhuintir Isráél ár n-aithreacha a thoghadh, agus d’ardaigh sé an pobal nuair a bhí siad ina gcónaí i dtír na hÉigipte, agus threoraigh sé amach as sin iad Ie láimh ard. Agus ar feadh daichead bliain d’fhulaing sé a mbéasa san bhfásach. Agus nuair a scrios sé seacht gcine i dr Chanáin, roinn sé a dtalamh le crannchur eatarthu go ceann tuairim agus ceithre chéad go leith de bhlianta; agus ina dhiaidh sin thug sé breithiúna dóibh go d Samuél, fáidh. Agus ansin d’iarr siad rí, agus thug Dia dóibh Sól, mac Chis, fear de threibh Bheiniaimin, daichead bliain. Agus nuair a thóg sé eisean uathu, d’ardaigh sé Dáiví ina rí dóibh, agus rinne sé fianaise dósan, agus dúirt: “Fuair mé Dáiví, mac lése, fear de réir mo chroí féin, a dhéanfaidh mo thoil go hiomlán.” Dá shliocht seo thóg Dia suas, de réir an ghealitanais, slánaitheoir d’Isráél, íosa. Agus roimh a theacht sheanmóir Eoin ar dtús baisteadh aithrí do phobal Isráél go léir. Agus nuair a bhí Eoin ag críochnú a sheala, dúirt sé: “An té a shíleann sibh gur mé, ní mise é, ach féach, tá neach ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé bróga a chos a scaoileadh”.
Briathar an Tiarna.
Buíochas le Dia
Fóclóirín; shliocht/ (descendents), tsionagóg/ (synagog), tsabóid/(sabbath), teagaisc/(teaching), labhraígí/(speak), comhartha/(asign), threoraigh/(guided), daichead/(forty), d’fhulaing/(suffered), fhásach/(desert), gcine/(nations), crannchur/(lottery), breithiúna/(judges), fáidh/(prophet), fianaise/(witnesss-evidence), ghealltanais/(commitments),sheanmóir/(sermon), baisteadh/(baptism), shíleann/(thinks), neach/(a person), scaoileadh/(released)
PSALM LE FREAGRA (Sm 88:2-3. 21-22. 25.27. Fr v. 2)
Freagra; Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna.
( I will sing for ever of Your enduring love o Lord )
- Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna; fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin. Oir daingníodh do bhuanghrá go síoraí, agus tá do dhílseacht chomh buan leis na flaithis.
Freagra;
- Fuair mé Dáiví, mo ghiolla: rinne mé é a ungadh le m’ola naofa ionas go mbeadh mo lámh leis de shíor, is go neartódh mo chuisle é. (Fr)
Freagra;
- Beidh mo dhílseacht leis is mo bhuanghrá; agus i m’ainmse is ea a ardófar a neart.
Déarfaidh sé liom: `Is tú m’athair, is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.’ (Fr)
Freagra;
Fóclóirín; bhuanghrá/(lasting love), fógróidh/(proclaim), dhílseacht/(loyalty), daingníodh/(confirmed), flaithis/(heaven), Giolla/(servant – follower), ungadh/(anoint), chuisle/(pulse),
AN ALLELUIA
Alleluia, alleluia!
`Is mise an t-aoire maith,’ a deir an Tiarna.`Aithním mo chaoirigh féin, agus aithníonn mo chaoirigh féin mé.’ (Eoin 10:14)
Alleluia!
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin
An té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé. (13:16-20)
(The one who accepts any person whom I send, accepts me)
Tar éis d’íosa cosa na ndeisceabal a ní, dúirt sé leo: Amen, Amen, a deirim Iibh, níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir, ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é. Má tá a fhios agaibh na nithe sin, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad. Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcómh¬líonfaí an scrioptúr: “An té a d’ith arán liom, d’árdaigh sé a sháil i mo choinne.” `Táim á insint sin daoibh anois roimh ré sula dtarlaíonn sé, i dtreo, nuair a tharlaíonn sé, go gcreidfidh sibh gur mise é.
Amen, Amen, a deirim libh, an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.’
Soiscéal an Tiarna.
Moladh duit, a Chriost
Fóclóirín: an t-Aoire Maith/(the Good Shepherd), na ndeisceabal/(the disciples), méanar/(fortunate), aithním/(I recognise), a thogh/(chose), gcómh-líonfaí/(fulfil), dtarlaíonn/( happens), gcreidfidh/(believe)






