DEARDAOIN AN CEATHARÚ SEACHTAIN DEN CHARGHAS

An Chéad Léacht
Sliocht as leabhar Exodus (32:7-14)
Ná tabhair an drochíde seo ar do phobal.
(Don’t maltreat your people in this way)
Dúirt an Tiarna le Maois: Síos leat! óir an pobal sin agat a thug tú amach ó thír na hÉigipte, thruaillíodar iad féin. Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d’ordaigh mé dóibh, rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d’adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus ceanndáine “Seo é do Dhia, a Isráél, a thug thú amach as tír na hÉigipte”.”Is léir dom,’ arsa an Tiarna le Maois,a cheanndáine mar phobal an pobal seo! Lig dom anois más ea agus lasfaidh m’fhearg ina gcoinne, á ndísciú; tusa, ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.’ Ach chrom Maois ar ghuí chuig an Tiarna a Dhia: A Thiarna,’ ar sé,cén fáth go lasfadh d’fhearg i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte Ie mórchumhacht agus le láimh thréan? Cén fáth é a thabhairt le rá do na hEigiptigh: “I bhfeall a thug sé amach iad, d’fhonn iad a mharú sna sléibhte agus iad a scrios de chlár na cruinne!” Scaoil uait d’fhearg cuthaigh, agus scor den drochíde seo a thabhairt ar do phobal. Cuimhnigh ar Abráhám, ar Ísác agus ar Isráél, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar tú féin agus dár gheall tú: “Déanfaidh mé bhur síol chomh fionmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina seilbh acu go síoraí”.’ Bhog an Tiarna dá bhrí sin, agus níor thug sé ar a phobal an drochíde a bhagáir sé.
Briathar an Tiarna.
Buíochas le Dia.
Foclóirín: thruaillíodar / (corrupted – apostasised), lao / (Calf), miotal leáite / (molten metal), d’adhradar / (they adored), íobart/ (sacrifice), ceanndáine / (stubborn), lasfaidh m’fhearg / (my anger will light), á ndisciú / ( consuming them), mórchumhacht / (great power), láimh thréan /(strong arm), I bhfeall / ( by ttreachery), drochíde / (maltreat – abuse), mhionnaigh / (swore), fionmhar/ (rich), sliocht / (descendants) / bhagair / ( threaten)
SALM LE FREAGRA. (Sm 105:19-23. Fr v. 4)
Freagra; Cuimhnigh orm, a Thiarna, i do chineáltas do phobal
(Remember me, O Lord, out of the love you have for Your people)
I.Rinneadar lao ag Hóréb, agus d’adhradar í déanta de mhiotal leáite; mhalartaíodar glóir Dé ar íomhá tairbh a itheann féar.
Freagra;
2.Thugadar i ndíchuimhne Dia, a Slánaitheoir, a bhí tar éis éachtaí a dhéanamh san Éigipt, míorúiltí i dtír Cham, gníomhartha uamhnacha cois na Mara Rua.
(Freagra;
3.Agus bhí sé ag smaoineamh ar iad a scrios, murach gur sheas Maois, a fhear tofa, sa bhearna ina choinne chun a fhearg a iompú uathu sula scriosfadh sé iad.
Freagra;
Foclóirín: chineáltas / (kindness), mhalartaíodar/ (exchanged), íomhá tairbh / (image of bull),
COMHGHÁIR
Sagairt Glan mo chroí agus mo bheola, a Dhia uilechumhachtaigh, chun go mbeidh mé in ann do Shoiscéal a fhógairt mar is dual.
SOSCÉAL
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé! ‘Déanaigí aithrí,’ a deir an Tiarna, ‘mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.’ Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé!
Go raibh an Tiarna libh.
Agus le do spiorad.
Sliocht as an Soiscéal Naofa de réir Naomh Eoin
Glóir duit, a Thiarna.
Tá duine do bhur gcúisiú—Maois, an té a bhfuil muinín agaibh. (5:31-47)
(There is one who accuses you – Moses in who you have faith)
San am sin dúirt Íosa leis na Giúdaigh:Da dtabharfainn fianaise orm féin, ní bheadh m’fhianaise iontaofa. Tá neach eile ann a thugann fianaise orm, agus tá a fhios agam gur iontaofa an fhianaise a thugann sé orm. Chuir sibh teachtairí ag triall ar Eoin agus thug sé fianaise ar an bhfírinne. Ní hé go nglacaimse fianaise ó dhaoine, ach tá na nithe seo á rá agam chun go slánófaí sibh. Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh ab ea é siúd, agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas. Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug m’athair dom le déanamh, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé. An tAthair féin a chuir uaidh mé, thug sé fianaise orm. Níor chuala sibh riamh a ghuth, ná ní fhaca sibh a dheilbh, agus níl a bhriathar agaibh ag lonnú ionaibh, mar ní chreideann sibh sa té a chuir seisean uaidh.Déanann sibh na scrioptúir a spíonadh agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa, ach ní háil libh teacht chugam i dtreo go mbeadh beatha agaibh. Ní ghabhaim glóir ó dhaoine. Ach tá aithne agam oraibh, nach bhfuil grá Dé agaibh ionaibh. Tháinig mise in ainm m’Athar, agus ní ghlacann sibh mé; má thagann duine eile ina ainm féin, glacfaidh sibh eisean.`Conas a b’fhéidir daoibh creidiúint, agus glóir á glacadh agaibh óna chéile gan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin. Ná measaigí go bhfuilim chun sibh a chúisiú i láthair an Athar; tá duine do bhur gcúisiú-Maois, an té a bhfuil muinín agaibh as. Dá gcreidfeadh sibh Maois, chreidfeadh sibh mise, óir is i mo thaobhsa a scríobh seisean. Mura gcreideann sibh a scríbhinní-sean, conas a chreidfidh sibh mo bhriatharsa?
Soiscéal an Tiarna.
Freagra; Moladh duit, a Chríost.
Foclóirín: fianaise/ (evidence), iontaofa / (dependable), teachtairí/ (messengers), ar an bhfírinne/ (on the truth), go nglacaimse/ (that I accept), Lóchrann ar lasadh/ ( a lantern lighting), dheilbh / (appearance), chreideann/ (believe), spíonadh/ (exhaust,) Dá gcreidfeadh/ (believed)






