Na Moltaí Diaga – Divine praises in Irish

Iomann ar dtús

Céad míle fáilte romhat, a Íosa, a Íosa

Céad míle fáilte romhat, a Íosa

Céad míle fáilte romhat a Shlánaítheoir

Céad míle míle fáilte romhat, ‘Íosa, a Íosa

Glóir agus moladh duit, a Íosa, a Íosa

Glóir agus moladh duit, a Íosa

Glóir agus moladh duit, a Shlánaítheoir

Glóir, moladh agus buíochas duit, ‘Íosa, a Íosa.

Beannacht ar Sacraimint ró-naofa

V. Bhronn sé aran ó neamh orthu. (salm 78:24) (Alleluia)

R. Gach binneas a bheith istigh ann (Alleluia)

Guimìs:

A Thiarna Íosa Críost, d’fhág tú an eocairist againn

mar chuimhniú  ar do pháis agus ar do bhás.

Go dtugaimid an t-ómos is dual

Do shacraimint do Choirp agus do chuid Fola

Ionas do dtuigfimid an slánú a bhuaigh tú dúinn,

Agus an t-aoibhneas atá I ndán dúinn sna flaithis,

Eisean a mhaireann agus a rialaìonn, mar aon leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh, i do Dhia, Trí shaol na saol

R. Amen

Na Moltaí Diaga

Moladh le Dia.

Moladh lena Ainm Naofa.

Moladh le hÍosa Críost, is FíorDhia agus fíordhuine.

Moladh le hAinm Íosa.

Moladh lena Chroí ró-naofa.

Moladh lena fhuil ró-luachmhar.

Moladh le hÍosa i Sacraimint ró-naofa na hAltóra.

Moladh leis an Spiorad Naomh, an tAbhchóide.

Moladh le Mór-mháthair Dé, Muire ró-naofa.

Moladh lena Giniúint naofo gan Smál.

Moladh lena deastógáil ghlórmhar

Moladh le hAinm Mhuire, Maighdean agus Máthair

Moladh le Naomh Iósaf, a céile ró-gheanmnaí.

Moladh le Dia ina aingeal agus ina naomh.

Amen.

Iomann dar críoch

Ag Críost an síol,

Ag Críost an fómhar:

In iothlann Dé

Go dtugtar sinn.

Ag Críost an mhuir,

Ag Críost an t-iasc:

I líontaibh Dé

Go gcastar sinn.

Ó fhás go haois

Is ó aois go bás,

Do dhá lámh’, a Chríost,

Anall tharainn.

O bhás go críoc nach

Críoch ach athfhás,

I bParthas na ngrás go rabhaimid.

Facebooktwitterredditpinterestlinkedinmailby feather