An Ceathrú Seachtain den Cháisc – Déardaoin 2025

AN CHEAD LEACHT

Sliocht as Gníomhartha na nAspal

De shliocht Dháiví thóg Dia suas slánaitheoir d’Isráél, Íosa (13:13-25)

(From David’s descendants God raised up Isreal’s Saviour, Jesus.)

Nuair a sheol Pól, agus an méid a bhí ina chuideachta, ó Pafós, tháinig siad go Peirge na Paimfilia. Ach d’fhág Eoin iad, agus d’fhill sé go larúsailéim. Ach ar dhul trí Peirge dóibhsean, tháinig siad go dtí Aintíoc na Pisidia; agus ar dhul isteach sa tsionagóg dóibh ar an tsabóid, shuigh siad síos. Agus I ndiaidh léamh an dlí agus na bhfáithe, chuir uachtarán na sionagóige scéala chucu, ag rá: `A fheara, agus a bhráithre, má tá focal ar bith teagaisc agaibh don phobal, labhraígí.’Ach d’éirigh Pól, thug comhartha dóibh lena láimh a bheith ina dtost, agus dúirt: `A fheara Isráél, agus sibhse a bhfuil eagla Dé ionaibh, éistigí. Rinne Dia mhuintir Isráél ár n-aithreacha a thoghadh, agus d’ardaigh sé an pobal nuair a bhí siad ina gcónaí i dtír na hÉigipte, agus threoraigh sé amach as sin iad Ie láimh ard. Agus ar feadh daichead bliain d’fhulaing sé a mbéasa san bhfásach. Agus nuair a scrios sé seacht gcine i d􀆡r Chanáin, roinn sé a dtalamh le crannchur eatarthu go ceann tuairim agus ceithre chéad go leith de bhlianta; agus ina dhiaidh sin thug sé breithiúna dóibh go d􀆡 Samuél, fáidh. Agus ansin d’iarr siad rí, agus thug Dia dóibh Sól, mac Chis, fear de threibh Bheiniaimin, daichead bliain. Agus nuair a thóg sé eisean uathu, d’ardaigh sé Dáiví ina rí dóibh, agus rinne sé fianaise dósan, agus dúirt: “Fuair mé Dáiví, mac lése, fear de réir mo chroí féin, a dhéanfaidh mo thoil go hiomlán.” Dá shliocht seo thóg Dia suas, de réir an ghealitanais, slánaitheoir d’Isráél, íosa. Agus roimh a theacht sheanmóir Eoin ar dtús baisteadh aithrí do phobal Isráél go léir. Agus nuair a bhí Eoin ag críochnú a sheala, dúirt sé: “An té a shíleann sibh gur mé, ní mise é, ach féach, tá neach ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé bróga a chos a scaoileadh”.

Briathar an Tiarna.

Buíochas le Dia

Fóclóirín; shliocht/ (descendents), tsionagóg/ (synagog), tsabóid/(sabbath), teagaisc/(teaching), labhraígí/(speak), comhartha/(asign), threoraigh/(guided), daichead/(forty), d’fhulaing/(suffered), fhásach/(desert), gcine/(nations), crannchur/(lottery), breithiúna/(judges), fáidh/(prophet), fianaise/(witnesss-evidence), ghealltanais/(commitments),sheanmóir/(sermon), baisteadh/(baptism), shíleann/(thinks), neach/(a person), scaoileadh/(released)

PSALM LE FREAGRA (Sm 88:2-3. 21-22. 25.27. Fr v. 2)

Freagra; Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna.

 ( I will sing for ever of Your enduring love o Lord )

  1. Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna; fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin. Oir daingníodh do bhuanghrá go síoraí, agus tá do dhílseacht chomh buan leis na flaithis.

Freagra;

  • Fuair mé Dáiví, mo ghiolla: rinne mé é a ungadh le m’ola naofa ionas go mbeadh mo lámh leis de shíor, is go neartódh mo chuisle é. (Fr)

             Freagra;

  • Beidh mo dhílseacht leis is mo bhuanghrá; agus i m’ainmse is ea a ardófar a neart.

Déarfaidh sé liom: `Is tú m’athair, is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.’ (Fr)

             Freagra;

Fóclóirín;  bhuanghrá/(lasting love), fógróidh/(proclaim), dhílseacht/(loyalty), daingníodh/(confirmed), flaithis/(heaven), Giolla/(servant – follower), ungadh/(anoint), chuisle/(pulse),

AN ALLELUIA

Alleluia, alleluia!

`Is mise an t-aoire maith,’ a deir an Tiarna.`Aithním mo chaoirigh féin, agus aithníonn mo chaoirigh féin mé.’ (Eoin 10:14)

Alleluia!

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir  Naomh Eoin                                                                               

An té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé.                (13:16-20)

(The one who accepts any person whom I send, accepts me)

Tar éis d’íosa cosa na ndeisceabal a ní, dúirt sé leo: Amen, Amen, a deirim Iibh, níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir,  ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é. Má tá a fhios agaibh na nithe sin, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad. Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcómh¬líonfaí an scrioptúr: “An té a d’ith arán liom, d’árdaigh sé a sháil i mo choinne.” `Táim á insint sin daoibh anois roimh ré sula dtarlaíonn sé, i dtreo, nuair a tharlaíonn sé, go gcreidfidh sibh gur mise é.

Amen, Amen, a deirim libh, an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.’

Soiscéal an Tiarna.     

Moladh duit, a Chriost           

Fóclóirín: an t-Aoire Maith/(the Good Shepherd), na ndeisceabal/(the disciples), méanar/(fortunate), aithním/(I recognise),  a thogh/(chose), gcómh-líonfaí/(fulfil), dtarlaíonn/( happens), gcreidfidh/(believe)

Facebooktwitterredditpinterestlinkedinmailby feather

Liotúirge an Bhriathair 3Ú Aibreán 2025

Dúirt an Tiarna le Maois: Síos leat! óir an pobal sin agat a thug tú amach ó thír na hÉigipte, thruaillíodar iad féin. Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d’ordaigh mé dóibh, rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d’adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus ceanndáine “Seo é do Dhia, a Isráél, a thug thú amach as tír na hÉigipte”.”Is léir dom,’ arsa an Tiarna le Maois,a cheanndáine mar phobal an pobal seo! Lig dom anois más ea agus lasfaidh m’fhearg ina gcoinne, á ndísciú; tusa, ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.’ Ach chrom Maois ar ghuí chuig an Tiarna a Dhia: A Thiarna,’ ar sé,cén fáth go lasfadh d’fhearg i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte Ie mórchumhacht agus le láimh thréan? Cén fáth é a thabhairt le rá do na hEigiptigh: “I bhfeall a thug sé amach iad, d’fhonn iad a mharú sna sléibhte agus iad a scrios de chlár na cruinne!” Scaoil uait d’fhearg cuthaigh, agus scor den drochíde seo a thabhairt ar do phobal. Cuimhnigh ar Abráhám, ar Ísác agus ar Isráél, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar tú féin agus dár gheall tú: “Déanfaidh mé bhur síol chomh fionmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina seilbh acu go síoraí”.’ Bhog an Tiarna dá bhrí sin, agus níor thug sé ar a phobal an drochíde a bhagáir sé.

Briathar an Tiarna.
Buíochas le Dia.

I.Rinneadar lao ag Hóréb, agus d’adhradar í déanta de mhiotal leáite; mhalartaíodar glóir Dé ar íomhá tairbh a itheann féar.
Freagra;

2.Thugadar i ndíchuimhne Dia, a Slánaitheoir, a bhí tar éis éachtaí a dhéanamh san Éigipt, míorúiltí i dtír Cham, gníomhartha uamhnacha cois na Mara Rua.
(Freagra;

3.Agus bhí sé ag smaoineamh ar iad a scrios, murach gur sheas Maois, a fhear tofa, sa bhearna ina choinne chun a fhearg a iompú uathu sula scriosfadh sé iad.
Freagra;


Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé! ‘Déanaigí aithrí,’ a deir an Tiarna, ‘mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.’ Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé!
Go raibh an Tiarna libh.
Agus le do spiorad.
Sliocht as an Soiscéal Naofa de réir Naomh Eoin
Glóir duit, a Thiarna.

San am sin dúirt Íosa leis na Giúdaigh:Da dtabharfainn fianaise orm féin, ní bheadh m’fhianaise iontaofa. Tá neach eile ann a thugann fianaise orm, agus tá a fhios agam gur iontaofa an fhianaise a thugann sé orm. Chuir sibh teachtairí ag triall ar Eoin agus thug sé fianaise ar an bhfírinne. Ní hé go nglacaimse fianaise ó dhaoine, ach tá na nithe seo á rá agam chun go slánófaí sibh. Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh ab ea é siúd, agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas. Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug m’athair dom le déanamh, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé. An tAthair féin a chuir uaidh mé, thug sé fianaise orm. Níor chuala sibh riamh a ghuth, ná ní fhaca sibh a dheilbh, agus níl a bhriathar agaibh ag lonnú ionaibh, mar ní chreideann sibh sa té a chuir seisean uaidh.Déanann sibh na scrioptúir a spíonadh agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa, ach ní háil libh teacht chugam i dtreo go mbeadh beatha agaibh. Ní ghabhaim glóir ó dhaoine. Ach tá aithne agam oraibh, nach bhfuil grá Dé agaibh ionaibh. Tháinig mise in ainm m’Athar, agus ní ghlacann sibh mé; má thagann duine eile ina ainm féin, glacfaidh sibh eisean.`Conas a b’fhéidir daoibh creidiúint, agus glóir á glacadh agaibh óna chéile gan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin. Ná measaigí go bhfuilim chun sibh a chúisiú i láthair an Athar; tá duine do bhur gcúisiú-Maois, an té a bhfuil muinín agaibh as. Dá gcreidfeadh sibh Maois, chreidfeadh sibh mise, óir is i mo thaobhsa a scríobh seisean. Mura gcreideann sibh a scríbhinní-sean, conas a chreidfidh sibh mo bhriatharsa?

Soiscéal an Tiarna.

Freagra; Moladh duit, a Chríost.

Facebooktwitterredditpinterestlinkedinmailby feather